Jun22
Teacht le Chéile Gaeil Luimní
Beidh an teacht le chéile ag dul ar aghaidh Dé Máirt 26ú Meitheamh 2012 ag 21:30 sa Scholars in Olscoil Luimnigh (in aice le hIonad Aontas na Scoláirí).
Beidh scoláirí ón Aonad na Gaeilge, Olcoil Luimnigh ann freisin, chun nasc a dhéanamh Gaeil Luimní agus beidh seisíuin cheoil ann.
Má tá tú ag teacht, le do thoil RSVP ar ár leathannach Meetup.com.
lean ar aghaidh ag léamh »
Apr23
Ar an gCéadaoin 25ú Aibreán 2012, beidh an chéad teacht le chéile eile againn.
Tosóidh an oíche ag 8:15i.n. Beidh TG4 ann le mír ‘Guth an Phobail’ a thaifead.
Beimid sa Curraghgower Bar.
Tóg leat d’uirlis ceoil má tá ceann agat!
Má tá tú ag teacht, le do thoil RSVP ar ár leathannach Meetup.com.
Mar20
Ár buíochas as Foinse as ucht an scéal seo thíos a roinnt.

Eoghan Mac Diarmaide le Micheál, Liam agus Eoin ó Gaeil Luimní.
Seo é an scéal ó Foinse in Márta 2012:
Casann Eoghan Mac Diarmada ar Ghaeil Luimní i gcóir Seachtain na Gaeilge
Chas an grúpa Gaeilge, ‘Gaeil Luimní’ ar réalta theilifíse Eoghan Mac Diarmada i Luimneach ar an 7 Márta i gcóir Seachtain na Gaeilge 2012.
Cuireadh ‘Gaeil Luimní’ (www.GaeilLuimni.ie) ar bun le himeachtaí as Gaeilge a eagrú i Luimneach.
Ag an ócáid, chas Eoghan le daltaí ó Ghaelscoil Sáirséal. D’inis sé dóibh maidir leis an tábhacht atá le Gaeilge a úsáid ina saol go laethúil.
Bíonn imeachtaí míosúla ag ‘Gaeil Luimní’ i dtithe tábhairne áitiúla i gCathair Luimnigh. Tugtar seans do dhaoine ag na himeachtaí seo a gcuid Gaeilge a chleachtadh.
Tabhair cuairt ar www.GaeilLuimni.ie agus cláraigh mar bhall chun an t-eolas ar fad a fháil maidir le himeachtaí i Luimneach.
Má tá suim agatsa bualadh le Gaeil eile i Luimeach cláraigh mar ball ar ár leathanach Meetup.com. Gheobhaidh tá nuacht maidir leis an chéad teacht le chéile eile.
Mar7
Beidh ancraoltóir teilifíse Brenda Ó Suilleabháin ó TG4 ag tabhairt caint ag 7 i.n. amárach in Ollscoil Luimní LCO-106 Áras na dTeangacha marchuid de Seachtain na Gaeilge ag Aonad na Gaeilge .RSVP go Ciara.Considine@ul.ie roimh 5 i.n amárach